é
(Pron Pers 3P Sg Masc)

Ba chosúil le Cioclóip na Gréige é sa mhéad is go raibh súil amháin aige i lár a éadain agus bhí an dara súil aige ar chúl a chinn. 🔊

Ba dia é Balor ar mhuintir na Fothmhuire. 🔊

Nochtaíodh tairngreacht do Bhalor gurbh é an chríoch a bheadh leis go maródh mac a iníne é. 🔊

Ba é an Taoiseach ar na Tulacha Beigile, ceantar atá idir Gort a'Choirce agus Gaoth Dobhair, Mac Ceannfhaola. 🔊

D'iompaigh é féin isteach ina stócach deas rua agus chuaigh chun cainte le Mac Sambthainn. 🔊

Lena seo a dhéanamh ghléas Mac Ceannfhaola suas mar ghirseach agus d'ardaigh é i mbéal stoirme agus isteach go dtí an Túr Mór áit a raibh iníon Bhalor, Ethniú, ag cur fúithi. 🔊

Tar éis trí ráithe rugadh triúr mac d'Ethniú sa Túr Mór ach nuair a chuala Balor é seo d'ordaigh go mbáfaí iad. 🔊

Níor bádh an páiste a chuaigh go tóin poill, áfach, mar thug Birage ar ais faoin uisce é go dtí an mhórthír agus thug athair é. 🔊

Chuir seisean ar altranas go dtí a dheartháir Gabhida é mar ar múineadh ceird na gaibhneachta . 🔊

D'inis an Draoi do Bhalor gurbh é Mac Ceannfhaola athair na bpáistí. 🔊

Rug duine de na laochra greim gruaige air, duine eile greim láimhe agus an tríú duine greim coise agus síneadh é thar chloch mhór mar ar bhain Balor an cloigeann de le haon bhuile amháin shleá. 🔊

Cloch Cheannfhaola a tugadh ar an chloch ar ar maraíodh Mac Ceannfhaola agus sin é an t-ainm atá ar an pharóiste fós. 🔊

Is anseo a bhuaileadh le mac a iníne agus gan a fhios aige céarbh é go díreach. 🔊

Bhí a fhios ag an stócach céarbh é a athair féin agus bhí scéal a bháis aige ach raibh a fhios aige a mharaigh é. 🔊

Thosaigh Balor ag maíomh faoina chuid gaiscí, scéalta faoi mar a ghabh Mac Ceannfhaola agus mar a mharaigh é, ina measc. 🔊

Sin é mo scéal. 🔊

Frequency index

Alphabetical index